Iarratas ar Scéim Iasachta Tógáil Nua


Is comhlacht tithíochta ceadaithe a fuair stádas Comhlachta Deimhnithe ón GAT amháin a ba cheart an Fhoirm Iarratais Tógáil Nua a líonadh. Caithfear an fhoirm iarratais seo a líonadh ina hiomláine más mian libh cur isteach ar iasacht do scéim forbartha Tógáil Nua.


Úsáid an nasc thíos leis an Fhoirm Iarratais Tógáil Nua a íoslódáil, líon í leis an eolas cuí ar fad, agus seol mar ríomhphost í chuig ei.afh@gnidneltcerid

Íoslódáil/Sábháil Foirm Iarratais Tógáil Nua CTC

Tabhair d’aire gur cheart na míreanna a leanas a cur leis an fhoirm iarrartais iasachta líonta nuair atá tú ag déanamh d’iarratais ar mheasúnú iasachta Tógáil Nua chuig an GAT:

  • Múnla Meastóireachta Airgeadais
  • Luachálacha Réadmhaoine
  • Litir cheadaithe faoi choinníoll ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúl ag deimhniú go bhfuil Comhaontú Íocaíochta agus Infhaighteachta & Áis Léasúcháin Airleacain Chaipitil ann
  • Líníochtaí ailtireachta agus pleananna don fhorbairt
  • Sonraí teagmhála chun ligeann don luachálaí GAT an suíomh a rochtain

Ní ghlacfar ach le hiarratais i bhfoirm leictreonach agus ní aireofar iarratais chruachóipe.


log-in