Iasachtú Comhlachtaí Deimhnithe Chatagóir 2


Iasachtaithe:

AHBanna Shraith 2 nó Shraith 2 nach bhfuil ina gComhlachtaí Deimhnithe formheasta fós


Méid:

Íosmhéid de €250,000 in aghaidh an idirbhirt go dtí uasmhéid comhiomlán de €5,000,000


Cúis:

Éadáil réadmhaoine chun tithíocht shóisialta a sholáthar.


Doiciméid:

Cuirfear Comhaontú Saoráide i gcrích le haghaidh gach idirbhirt, roimh an tarraingt anuas agus ina dhiaidh. Beidh gá le cuntas bainc faoi shainordú.


Foirm Iarratais don Tionscadal:

Ní ghlacfar le tionscadal ach amháin má tá sonraí faoi riachtanais shonracha an tionscadail ag gabháil leis.

Foirm Iarratais don Tionscadal


Faisnéis Bhreise ag Gabháil leis:

* Tuarascáil Bhliantúil is déanaí

* Fianaise go bhfuil stádas AHB ag an gcomhlacht

* Deimhniú reatha imréitigh cánach

* Dearbhú gur cloíodh leis an gCód um Rialáil Dheonach


Tréimhse Ama:

Uastréimhse de 30 bliain.


Praghsáil faoi láthair:

* Ráta athraitheach: ar fáil ach é a iarraidh.

* 30 mbliana ag ráta seasta – 3.75% p.a. ráta seasta eile ar fáil ach é a iarraidh


Réamhchoinníollacha:

* Comhaontú Íocaíochta agus Infhaighteachta

* Comhaontú Leanúnachais


Sonraí Teagmhála:

ríomhphost: ei.afh@gnidneltcerid nó cuir glao ar Maria O’Reilly nó Sean Cremen ag 01-8725722.


log-in