• Ceisteanna a Chuirtear go Minic


    Cé hiad na dreamanna a gcuireann HFA iasachtaí ar fáil dóibh?

    Cuireann HFA iasachtaí ar fáil do Chomhlachtaí Tithíochta oiriúnacha agus do Chumainn Chomharthithíochta (AHBanna). Is é Coiste Creidmheasa HFA a mheasann oiriúnacht na n-institiúidí sin chun iasachtaí a chur ar fáil dóibh AGUS sa chás go gceadaítear iad bronnfar an stádas ‘Comhlacht Deimhnithe’ orthu.

    Féadfaidh HFA iasachtaí a sholáthar freisin do Chomhlacht Deimhnithe Chatagóir 2. Áiríonn sé seo AHBanna ag leibhéal a dó agus leibhéal a trí nach bhfuil an stádas ‘Comhlacht Deimhnithe’ bronnta orthu. Is é Coiste Bainistíochta HFA a dhéanann oiriúnacht le haghaidh na n-iasachtaí seo a mheas. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig suíomh gréasáin HFA ag an nasc thíos:

    Iasachtú Comhlachtaí Deimhnithe Chatagóir 2


    Cén sórt scéime ar féidir le HFA iasacht a chur ar fáil chuige?

    Faoi láthair glacfaidh HFA le hiarratais ar iasachtaí le haghaidh:

    1. Éadálacha (‘Tionscadail Foirgníochta Lándéanta)

    2. Tógáil Nua

    3. Aisfheistiú

    4.‘Cíos-In-Ionad-Morgáiste’


    An bhfuil téarmaí agus coinníollacha maithe iomaíocha ag HFA?

    Tá rátaí thar a bheith iomaíoch ag HFA agus cuireann siad táirgí den chéad scoth ar fáil, mar shampla:

    1. Ráta athraithe 30 bliain

    2. Ráta seasta 10 mbliana

    3. Ráta seas 25 bliana le haghaidh forbairtí nuathógtha agus aisfheistithe (maoiniú arna thacú ag EIB)

    4. Saoráid bliana ‘Cíos-In-Ionad-Morgáiste’

    5. Maoiniú idirlinne 2 bhliain le haghaidh tionscadail foirgníochta a bhfuil rogha ag gabháil leo iad a thiontú ina maoiniú fadtéarmach


    Conas is féidir le AHB cur isteach ar an stádas ‘Comhlacht Deimhnithe’ a fháil?

    Má tá suim ag AHB cur isteach ar mhaoiniú ó HFA is gá dó roinnt critéar a shásamh sula gcuirfidh sé isteach ar mheasúnú. Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh gréasáin HFA ag an nasc seo.

    Foirm Measúnachta ar Chomhlacht Tithíochta Faofa


    Cén doiciméad dlí is gá tar éis bhronnadh an stádais ‘Comhlacht Deimhnithe’?

    Is gá Máistirchomhaontú Iasachta (MLA). Is éard atá sa doiciméad seo conradh idir HFA agus an AHB cuí, ina leagtar amach téarmaí agus coinníollacha an iasachtaithe leis an bpáirtí sin.


    Conas a dhéanaim iarratas ar iasacht?

    Féadtar iarratas ar iasacht a dhéanamh tar éis do Choiste Creidmheasa HFA an stádas Comhlacht Deimhnithe a bhronnadh ar an iarratasóir AHB nó faoi na coinníollacha a ghabhann le hiasachtú le Comhlacht Deimhnithe Chatagóir 2. Déanfar iarratas ar iasacht ar dtús tríd an ríomhphost chuig HFA. Tá liosta iomlán na gceanglas ar fáil ar shuíomh gréasáin HFA, féach an nasc thíos.

    Iarratas ar Iasacht Scéime Indibhidiúla


    An féidir le AHB iasacht 100% de chostas an tionscadail a fháil?

    Is féidir, má bhaintear amach tairseacha áirithe airgeadais


    Cá fhad a thógfaidh an próiseas iarratais?

    Tar éis iarratas iomlán AHB a fháil, déanfar an iasacht a phróiseáil laistigh de 2-3 seachtaine. Tar éis cheadú na hiasachta, eiseoidh HFA litir thairisceana iasachta.


    Tar éis cheadú na hiasachta cá fhad go dtí go gcuirfear an cistiú ar fáil?

    Déanann ár gcomhairleoir dlí doiciméadú dlí a eisiúint agus a chur chuig aturnae an AHB. Chomh luath agus a cheadaítear an doiciméadú iomlán is féidir cistí a sholáthar laistigh de thrí lá ón dáta fógra ón AHB maidir leis na cistí a tharraingt anuas.


    An bhfuil na cistí rátaithe má táimid tar éis dul i gComhaontú Infhaighteachta leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil?

    Níl. Beidh gach iasachtú beartaithe ag brath ar go sásófaí critéir mheasúnaithe HFA.


    An gcaithfimid Comhaontú Infhaighdeachta leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil a bheith againn sula gcuirfimid isteach ar iasacht?

    Is gá. Tá sé riachtanach cead cionníollach a fháil ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil.


    Cad is bintiúr ann?

    Is éard is bintiúr ann iasacht atá comhthaobhaithe ag Morgáiste ar shócmhainní sonraithe, is é sin bun-réadmhaoin, an Comhaontú Infhaighteachta agus cuntas bainc sainordaithe AHB.


    Cé hé/hí an teagmhálaí in HFA le haghaidh Iasachtú Díreach?

    Maria O'Reilly,

    Príomhoifigeacht Iasachtaithe – AHBanna

    An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta plc.,

    46 Faiche Stiabhna,

    Baile Átha Cliath 2


    Teileafón: 01 8725 722

    Ríomhphost: ei.afh@gnidneltcerid



log-in