Foirm Measúnachta ar Chomhlacht Tithíochta Faofa

Iarrtar ar chomhlachtaí leasmhara an Fhoirm Measúnachta do Chomhlacht Tithíochta Faofa a íoslódáil tríd an nasc thíos a úsáid, an fhoirm a chomhlánú leis an bhfaisnéis ar fad atá riachtanach, agus í a sheoladh chuig ei.afh@gnidneltcerid .

Íoslódail/Sábháil Foirm Iarratais do Chomhlacht Tithíochta Faofa

Agus d’iarratas á dhéanamh agat chuig an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta ar stádas mar Chomhlacht Deimhnithe, tabhair do d’aire gur chóir na míreanna seo a leanas a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais chomhlánaithe do Chomhlacht Tithíochta Faofa:

  • Litir um Bainistíocht Iniúchóireachta don bhliain airgeadais roimhe
  • Buiséad don bhliain airgeadais reatha
  • Na cuntais bhainistíochta is déanaí lena n-áirítear an Clár Comhardaithe, Cuntas Ioncaim & Caiteachais, Ráiteas Sreabhaidh Airgid, athraithis agus tráchtaireacht
  • Plean Corparáideach, le Plean Airgeadais don chéad 5 bhliana eile, lena n-áirítear aon airgead a bhfuiltear ag beartú a fháil ar iasacht ón nGníomhaireacht
  • Mionsonraí faoin struchtúr rialachais
  • Beathaisnéisí achomair ar Chomhaltaí Boird & ar Chomhaltaí na Foirne Bainistíochta Sinsearaí

Is i bhformáid leictreonach amháin a nglacfar le hiarratais agus ní bhreithneofar iarratais a thiocfaidh isteach mar chruachóip.


log-in