Iarratas ar Iasacht Scéime Indibhidiúla

Is é Comhlacht Tithíochta Faofa (CTF), a bhfuil stádas mar Chomhlacht Deimhnithe faighte aige ón nGníomhaireacht, an t-aon dream ar chóir dóibh an Fhoirm Iarratais ar Iasacht Indibhidiúil a chomhlánú. Ba chóir iomlán an iarratais seo a chomhlánú más mian leat iarratas a dhéanamh ar iasacht CTF le haghaidh scéime forbartha indibhidiúla.

Íoslódáil an Fhoirm Iarratais ar Iasacht Indibhidiúil tríd an nasc thíos a úsáid, comhlánaigh go leictreonach í leis an bhfaisnéis ar fad atá riachtanach, agus seol ar ríomhphost í chuig ei.afh@gnidneltcerid

Íoslódail/Sábháil Foirm Iarratais ar Iasacht Indibhidiúil CTF

Agus d’iarratas á dhéanamh agat chuig an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta ar mheasúnacht le haghaidh iasachta indibhidiúla, tabhair do d’aire gur chóir duit na míreanna seo a leanas a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm iarratais chomhlánaithe ar iasacht:

  • Tuairisc Luachála
  • Suirbhéireacht Foirgníochta
  • Litir maidir le faomhadh ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil á rá go bhfuil PAA & CALF i bhfeidhm
  • Ba chóir Cuntas Ioncaim & Caiteachais, Clár Comhardaithe agus Ráiteas Sreabhaidh Airgid a bheith san áireamh leis an tsamhail ón Irish Council for Social Housing (ICSH) maidir le ‘léas le haghaidh éadála’

Is i bhformáid leictreonach amháin a nglacfar le hiarratais agus ní bhreithneofar iarratais a thiocfaidh mar chruachóip.


log-in