Comhaontú Pháirc an Chrócaigh

Comhaontaíodh Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010 – 2014, (dá dtagraítear ‘Comhaontú Pháirc an Chrócaigh’ go minic) idir bainistíocht na Seirbhíse Poiblí agus ceardchumainn in Aibreán 2010. Is éard atá sa Chomhaontú ná geallúint ó sheirbhísígh phoiblí go n-oibreoidh siad le cheile le athrú a chur ar an tslí a ndéanann an tseirbhís phoiblí gnó ionas go dtiocfaidh laghdú suntasach ar chostas ach ag an am céanna go bhfreastalófar fós ar riachtanais na seirbhísí agus go gcuirfear le taithí úsáideoirí na seirbhíse.


Tacaíonn an Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe plc (GAT) go hiomlán leis an athrú atá leagtha amach i gComhaontú na Seirbhíse Poiblí agus tá sí tiomanta oibriú lena geallsealbhóirí agus páirtithe ar fad le seirbhís ar ardchaighdeán a sholáthar don phobal.



Tuarascálacha ar Dhul Chun Cinn

Féach thíos nasc chuig achoimre ar an dul chun cinn is mó atá déanta sa dá mhí dhéag ó 1 Aibreán 2011 go dtí 31 Márta 2012:

Nasc chuig comhad pdf: Progress template for Agencies Q12011 - Q12012



Féach thíos le do thoil mionsonraí ar ghníomhartha a cuireadh i bhfeidhm agus airgead a sábháladh i 2011:

Nasc chuig comhad pdf: Savings template 12 4 11


 

log-in