Na Stiúrthóirí


An Bord Stiúrtha

  • Barry O'Leary

    Ms Deirdre Collier (Chief Executive Officer)


  • Frank Allen

    An tUasal Frank Allen (Cathaoirleach)

    Ceapadh Frank ar an mBord i mBealtaine 2022. D'oibrigh sé in airgeadas agus oibríochtaí infreastruchtúir le blianta fada agus anois cuireann sé comhairle ar an mBanc Domhanda agus ar na rialtais i dtíortha i mbéal forbartha maidir le hinfheistíocht iompair phoiblí. Tá sé ina chathaoirleach ar bhoird Iarnród Éireann agus Corre Energy BV. Bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar an nGníomhaireacht Um Fháil Iarnróid ó 2002 go 2012, le linn Luas a chur i bhfeidhm, agus roimhe sin ina cheannasaí ar airgeadas bonneagair i mBanc KBC. Thosaigh sé a shlí bheatha leis an International Finance Corporation, cuid de Ghrúpa an Bhainc Dhomhanda. Tá tiomantas le fada aige do thithíocht shóisialta, agus bhí sé ina chathaoirleach ar bhoird Depaul Ireland agus Cumann Títhíochta Depaul.


  • Tom Enright

    An tUasal Tom Enright

    Ceapadh Tom ar an mBord i mí na Bealtaine 2022. Is ainmní Chumann Bainistíochta an Chontae agus na Cathrach (CCMA) chuig an mBord é Tom. Bhain sé céim san Innealtóireacht Shibhialta amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus tá M.Sc san Innealtóireacht bainte amach aige ó Ollscoil Cranfield sa Ríocht Aontaithe agus Máistreacht i Riarachán Gnó ó DCU. I measc a róil tá Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Loch Garman, Stiúrthóir na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA), Cathaoirleach Choiste Bainistíochta Athraithe LGMA, Stiúrthóir Chuideachta Aerfort Phort Láirge ó 2015, Stiúrthóir Chuideachta Ionad Ealaíon Loch Garman ó 2014.


  • Michael Lee

    An tUasal Michael Lee

    Ceapadh Michael ar an mBord i mBealtaine 2022. Is Cuntasóir Cairte cáilithe é a bhfuil taithí aige ar bhainistíocht airgeadais agus ar infheistíochtaí. Tá Michael ag obair faoi láthair mar Cheannasaí Straitéise Infheistíochta agus Tionscnaimh ag Reverence Capital Partners, gnólacht infheistíochta gnáthscaire phríobháidigh agus creidmheasa sna Stáit Aontaithe. D'oibrigh Michael roimhe seo ag FPG Amentum, léasóir aerárthaigh atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath, mar Leas-Uachtarán Sinsearach Margaí Infheistíochta. D'oibrigh Michael freisin mar Leas-Stiúrthóir ag Ciste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann le Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta. D'oibrigh Michael ag Goldman Sachs ar feadh 17 mbliana i róil éagsúla sa Rannán Baincéireachta Infheistíochta i Nua-Eabhrac áit a raibh sé freagrach as an Fheidhm Ghiniúna um Smaointe Infheistíochta agus Sydney, áit a raibh sé ina Cheann ar an nGrúpa Urraitheoirí Airgeadais. D’oibrigh Michael freisin ar roinnt idirbhearta um phríobháidiú sócmhainní rialtais sa tSeapáin agus san Astráil.


  • Thomas McDermott

    An tUasal Thomas McDermott

    Ceapadh Thomas ar an mBord i mí na Bealtaine 2022. Cháiligh sé mar Chuntasóir Cairte le Pricewaterhouse Coopers agus tá sé ina Chomhalta d'Institiúid na gCuntasóirí Cairte. D'oibrigh sé i Londain ina dhiaidh sin le Citigroup Corporate and Investment Bank agus le Royal Bank of Scotland i réimsí an Tuairiscithe Chorparáidigh, na Bainistíochta Riosca agus na Forbartha Tallainne. D'fhóin sé mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus mar Chisteoir ar Network/Stadium Homes, cumann mór tithíochta i Londain agus mar Stiúrthóir Neamhfheidhmiúcháin agus mar Chathaoirleach ar Choiste Iniúchta agus Riosca Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann. Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é agus tá MSc san Eacnamaíocht aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus MSc i bhForbairt Inbhuanaithe ó Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.


  • Rory O’Leary

    An tUasal Rory O’Leary

    Ceapadh Rory ar an mBord ar 4 Márta 2021. Tá sé ina Phríomhoifigeach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus tá sé ag fónamh faoi láthair sa Rannán Pleanála atá freagrach as an Údarás Rialála Limistéir Mhuirí a bhunú. Bhí Rory freagrach le déanaí as Beartas agus Rialachán AHB agus bhí róil éagsúla eile aige laistigh den Roinn lena n-áirítear róil sna Rannóga Rialtais Áitiúil (Airgeadas), Comhshaoil agus Corparáide. Bhí taithí aige freisin ar Choimisiún an AE (AS an Chomhshaoil) agus ar Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá MSc in Eacnamaíocht Chomhshaoil, Beartas agus Riosca ag Rory ó Ollscoil Heriot-Watt, Albain agus BSc i Zó-eolaíocht ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.


  • David Owens

    An tUasal David Owens

    Oibríonn David faoi láthair ar airgeadas inbhuanaithe agus aeráide sa Roinn Airgeadais agus ceapadh é ar an mBord i mBealtaine 2022. Tá taithí fhairsing aige sa tseirbhís phoiblí in Éirinn agus thar lear, lena n-áirítear an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Choimisiún Eorpach. D'oibrigh sé i seirbhísí airgeadais san earnáil phríobháideach agus i mBanc Ceannais na hÉireann agus ceapadh é roimhe sin chun fónamh ar an mBord Pinsean.


log-in