Iarratas SF a dhéanamh
Iarraidh a dhéanamh faoi Acht um Shaoráil Faisnéise
Ní mór iarratais ar fhaisnéis faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn agus a lua go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Má tá an fhaisnéis ag teastáil i bhfoirm faoi leith (ar nós fotachóip, diosca ríomhaire etc.) ba chóir é sin a lua san iarratas. Ba chóir iarrataís a bheith chomh sainithe agus is féidir le go mbeifear in ann teacht ar an bhfaisnéis atá ag teastáil.
Tá foirm iarratais cruthaithe againn chun iarrataís a éascú.
Ba chóir iarrataí a sheoladh chuig :Michelle Hennessy, Oifigeach FOI
An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta Teo
46 Faiche Stiofán
Baile Átha Cliath 2.
Ríomhphost:ei.afh@iof
Cúnamh maidir le hiarrataís a dhéanamh
Tá faisnéis ar na taifid a bhfuil rochtain orthu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise agus ar na taifid a choinníonn an Ghníomhaireacht le fáil inár Leabhar Tagartha SF faoi Alt 15.
Má bhíonn deacrachtaí ann na taifid a theastaíonn a aithint, beidh an tOifigeach FOI, An tUasal Seán Cremen, sásta cúnamh a thabhairt don té atá ag déamamh an iarratais maidir le hiarraidh a chur le chéile.
