FÓGRAÍONN NA hAIRÍ KELLY & COFFEY CLÁR INFHEISTÍOCHTA TITHÍOCHTA AR LUACH €300M I gCOMHAR le BEI & GAT
Sprioc breise de 2,000 aonad tithíochta tríd an gciste nua
D’fháiltigh an tAire Comhshaoil, Pobail & Rialtais Áitiúil, Alan Kelly & an tAire Stáit le haghaidh Tithíochta, Paudie Coffey, inniu (18 Feabhra, 2015) roimh chiste nua ar luach €300m don infheistíocht i dtithíocht shóisialta.
Leis an gclár infheistíochta nua, ar chuir idir an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta agus an Banc Eorpach Infheistíochta tacaíocht leis, beifear ag díriú ar 2,000 aonad tithíochta sóisialta breise a fhorbairt as seo go ceann trí bliana.
Is é an clár nua seo an chéad tacaíocht riamh a thug an Banc Eorpach Infheistíochta don tithíocht in Éirinn agus fógraíodh é go hoifigiúil le linn cuairte ar Chúirt Chill Airne i mBaile Átha Cliath Thuath a thug na hAirí Kelly & Coffey agus Jonathan Taylor, Leasuachtarán ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus Barry O’Leary, Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta cpt.
Beidh an maoiniú ar fáil do chomhlachtaí tithíochta ceadaithe le tithíocht shóisialta a uasghrádú agus a chur ar fáil
Le linn na cuairte, leag ionadaithe ó Chumann Tithíochta Cluid amach cén chaoi a bhfuil cónaitheoirí áitiúla tar éis tairbhe a bhaint as infheistíochta le costais téimh a laghdú, áiteanna súgartha a sholáthar agus foirgnimh a fheabhsú faoi scéim uasghrádúcháin le déanaí.
Agus é ag fáiltiú roimh an tionscnamh nua, dúirt an tAire Kelly, “Tabharfaidh seo bealach do chomhlachtaí tithíochta le teacht ar airgeadas ar rátaí an-iomaíoch agus éascóidh sé le thart faoi 2,000 aonad tithíochta sóisialta breise a chur ar fáil níos tapúla. Tá rún daingean ag an Rialtas a chinntiú go mbeidh meicníochtaí i bhfeidhm, a bheidh inbhuanaithe ó thaobh cúrsaí airgeadais, lenár féidir freastal ar idir an éileamh atá ann ar thithíocht faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo agus lena gcinnteofar go bhfaighidh cáiníocóirí luach ar airgead.
Is é an fhís atá leagtha amach i Straitéis Tithíochta 2020 an rialtais ná go mbeidh teacht ag gach líon tí ar thithíocht lena mbaineann dea-cháilíocht, a oireann dá riachtanais ar phraghas inacmhainne agus i bpobal inbhuanaithe. Is ionann an comhaontú nua seo idir BEI agus GAT agus dul chun cinn an-mhaith sa treo sin agus gríosaím idir Bhoird agus Bhainisteoireacht Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe deimhnithe go láidir leis an deis seo a thapú agus teacht ar an airgeadas seo le cabhair a thabhairt leis na spriocanna dúshlánacha, atá leagtha amach sa Straitéis Tithíochta Sóisialta, a chomhlíonadh.”
Dúirt an tAire Coffey: “Léiríonn an fógra seo go bhfuil an rialtas seo toilteanach úsáid a bhaint as bearta nuálacha le hairgeadas a chur ar fáil sa chaoi gur féidir aonaid tithíochta a chur ar fáil mar a mbíonn an t-éileamh. Caithfimid líon na n-aonad tithíochta a gcuirtear críoch orthu sa stát seo a mhéadú chun freastal ar an éileamh orthu agus imreoidh Tithíocht Shóisialta ról buntábhachtach sa straitéis fhoriomlán. Trí úsáid a bhaint as an modh seo le tithíocht a chur ar fáil, cinnteoimid go mbeimid ag soláthar tithíocht inbhuanaithe ar phraghasanna inacmhainne.
Níl sa tionscnamh seo ach ceann amháin de na modhanna sa Straitéis Tithíochta Sóisialta le tithíocht a chur ar fáil agus tugann sé le fios go láidir an rún daingean atá agam féin agus ag an Aire Kelly araon le dul i ngleic leis an ngéarghá ar thithíocht atá ann faoi láthair.”
Chuir Jonathan Taylor, Leasuachtarán ar an mBanc Eorpach Infheistíochta leis sin á rá: “Feabhsófar an tithíocht shóisialta ar fud na hÉireann leis an tionscnamh nua seo agus is é an chéad uair a thug an Banc seo iasachtú don earnáil tithíochta riamh sa tír. Tá áthas orainn a bheith ag obair go dlúth le saineolaithe tithíochta gairmiúla ag GAT mar pháirt de scéim a rachaidh chun tairbhe do chónaitheoirí áitiúla trí thithe níos fearr a sholáthar chomh maith le costais níos lú le haghaidh fuinnimh, agus obair le haghaidh gnólachtaí foirngníochta áitiúla. Bíonn infheistíocht i dtithíocht bunrichtanach don saol teaghlaigh agus do phobail inbhuanaithe agus táimid ag súil le tacaíocht eile don earnáil in Éirinn sna blianta atá amach romhainn.”
Dúirt Barry O’Leary, Príomhfheidhmeannach GAT go bhfuil “GAT fíorshásta áis a dhaingniú a chuireann ar ár gcumas maoiniú ar ráta seasta ar feadh 25 bliain a thairiscint dár gcustaiméirí ar rátaí an-iomaíoch agus fáiltímid roimh an tacaíocht ó BEI dár measúnacht creidmheasa agus dár bpróisis athbhreithniúcháin. Tá leibhéal suime an-ard ina bhfuilimid ag tairiscint agus táimid ag súil leis go mbeidh i bhfad níos mó daoine ag iarraidh tarraingt air ná mar is féidir linn freastal orthu.”
Déanfaidh GAT meaitseáil ar mhaoiniú an €150m ón mBanc Eorpach Infheistíochta go mbeidh €300m ar fáil mar iasachtaí chun tacú le hinfheistíocht a dhéanfaidh Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe ar fud na tíre chun tithíocht shóisialta a uasghrádú agus éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú. Trí bheith ag teacht ar mhaoiniú ón BEI, beidh GAT in ann airgeadas fadtéarmach a thairiscint do Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe ar rátaí iontach iomaíoch ar fad. Cuireann ráthaíocht ón Aire Airgeadais tacaíocht leis an scéim nua um forbairt tithíochta sóisialta agus tá sin mar bhonn agus mar thaca leis an tiomantas láidir ón BEI le hairgeadas forbartha fadtéarmach a sholáthar in Éirinn.
Díríonn Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020 ar 35,000 aonad tithíochta sóisialta a sholáthar i gcaitheamh thréimhse sé bliana, ar thacú le suas le 75,000 líon tí trí earnáil phríobháideach ar cíos a bheith breisithe agus trí tacaí tithíochta sóisialta a athchóiriú chun córas níos solúbtha agus freagrúla a chruthú. Leagtar amach leis an Straitéis cur chuige ilbhliantúil le bheith mar bhonn is mar thaca leis na ceangaltais seachadta le linn dhá chéim. Le Céim 1, beifear ag cur lena raibh i mBuiséad 2015 agus socraítear sprioc le haghaidh 18,000 aonad tithíochta sóisialta agus 32,000 aonad ar cíos faoi dheireadh 2017. Le Céim 2, socraítear sprioc le haghaidh 17,000 aonad tithíochta breise agus 43,000 aonad ar cíos faoi dheireadh 2020.
Eolas Cúlra:
Is é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) institiúid an Aontais Eorpaigh um iasachtú fadtéarmach, ar lena Bhallstáit í. Cuireann an institiúid airgeadas fadtéarmach ar fáil go ndéanfar infheistíocht stuama chun rannchuidiú le spriocanna bheartais an AE.
