Sonraí faoi Thithe Nua arna Maoiniú, Rátaí Níos Ísle, agus Táirgí Nua
107 dTeach Nua Maoinithe
Ar an Aoine, an 16 Meán Fómhair cheadaigh Coiste Creidmheasa HFA trí iarratas ar iasachtaí le haghaidh Cumainn Tithíochta Clúid agus Túath agus Co-operative Housing Ireland, dar luach €18.7 milliún, chun maoiniú a dhéanamh ar fhorbairt agus fáil 107 dteach nua. Tugann sé seo iomlán na n-iasachtaí a faomhadh le linn na bliana chuig €180 milliún chun maoiniú a dhéanamh ar bhreis is 1,200 teach nua, sin méadú de bhreis is 40% ar an mbliain 2015.
Rátaí Níos Ísle agus Táirgí Nua
Laghdaigh HFA na rátaí úis a ghearrtar ar na hiasachtaí atá ann faoi láthair agus cheadaigh raon nua de tháirgí iasachta ag ráta seasta nua chun tacú le tógáil tithíochta sóisialta agus tionscadail bhonneagair a bhíonn ar bun ag AHBanna agus údaráis áitiúla. Tá an raon táirgí nua á dtairiscint ag rátaí úis sheasta thar a bheith iomaíoch ó 5 go 30 bliain. Beidh na húdaráis áitiúla in ann airgead a fháil ar iasacht le haghaidh 25 bliana ag 1.5% nó níos ísle.
Chomh maith leis sin, laghdaíodh an ráta athraitheach úis a ghearrtar ar údaráis áitiúla le haghaidh gnó nach morgáistí iad faoi 0.25%, ag coigilt c.€6 milliún ar chostais úis in aghaidh na bliana.
An tríú tarraingt anuas faoi bhun €150 milliún – Conradh Airgeadais BEI
Is cúis áthais é do HFA a fhógairt gur cuireadh i gcrích, ar an 15 Meán Fómhair, an tríú tarraingt anuas, de mhaoiniú €15 milliún ar feadh 25 bliana ag ráta seasta, faoi áis an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta chun maoiniú a dhéanamh ar fhorbairt tithe nua a bheidh á dtógáil ag Co-operative Housing Ireland, The Iveagh Trust agus Cumann Tithíochta Túath i mBaile Átha Cliath agus Port Láirge.
Cuideoidh Conradh Airgeadais BEI, maille le €150 milliún faoi Chreat-chomhaontú ó Bhanc Forbartha Chomhairle na hEorpa, a síníodh an 7 Meitheamh agus a bhfuil an chéad tarraingt anuas uaidh le tarlú an 7 Iúil, le hiarrachtaí HFA an costas a laghdú ar mhaoiniú fadtéarmach le haghaidh comhlachtaí ceadaithe tithíochta agus údaráis áitiúla.
An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta
An 19 Meán Fómhair 2016
