Saint John of God Housing Association Limited
PREASEISIÚINT
Tá sé mar fhís againn bheith ar an bpríomhchomhlachas speisialtóireachta tithíochta in Éirinn, ag cuidiú le daoine a bhfuil riachtanais ar leith acu bheith in ann maireachtáil go neamhspleách.
Tá an comhlachas Saint John of God Housing Association Limited ar a dhícheall cuidiú le daoine, teaghlaigh agus pobail a scileanna, a n-inniúlachtaí agus a gcumais a dhaingniú agus a fhorbairt. Chomh maith leis sin, tá an comhlachas ag féachaint le cur leis an stoc tithíochta trí airgeadas príobháideach a fháil ón nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe agus ó fhoinsí príobháideacha airgeadais eile faoi Ráithe 4 2015.
Plean Straitéiseach 2015-2020 Saint John of God Housing Association Limited
Iarratas a dhéanamh leis an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe chun an Stádas Comhlacht Deimhnithe a bhaint amach
Is cúis mhór áthais dúinn é a fhógairt gur éirigh leis an iarratas a rinne Saint John of God Housing Association Stádas mar Chomhlacht Deimhnithe a bhaint amach, iarratas a rinne sé leis an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe (HFA).
Bunaíodh HFA, mar chomhlacht faoi úinéireacht an stáit in 1982, agus cuireann sé iasachtaí ar fáil do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna), trí shraith táirgí a thairiscint ag rátaí atá thar a bheith iomaíoch agus trí phróiseas ceadaithe atá an-ghasta. Chomh maith le maoiniú ag ráta seasta a fháil ón mBanc Eorpach Infheistíochta suas go cúig bliana is fiche do thionscadail ina bhfuil sé beartaithe Tithe Nua a thógáil nó Tithe a Aisfheistiú, is féidir le AHBanna agus údarás áitiúla maoiniú do thréimhse 10 mbliana a fháil ag ráta seasta agus do thréimhse suas le 30 bliain ag ráta athraitheach chun táirgí Éadála agus Cíos in Ionad Morgáiste a fháil. Tá éileamh mór ar tháirgí HFA agus d’ardaigh an t-éileamh sin go mór le linn 2015 agus ag tús 2016 agus tá dóthain maoiniúcháin ann chun freastal ar na riachtanais uile atá tuartha.
Go nuige seo, níl ach 12 chomhlacht cheadaithe tithíochta sa Stát a bhfuil Stádas mar Chomhlacht Deimhnithe acu. Éilítear i bpróiseas iarratais HFA go bhfuil ar Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta rialachas láidir corparáideach a bheith acu chomh maith le fócas soiléir ar a bhfuil beartaithe ó thaobh forbartha de amach anseo agus áiríonn sé sin plean straitéiseach agus plean gnó 30 bliain.
An 11 Feabhra 2016, fuair an Príomhfheidhmeannach, Bernie Cadden, deimhniú i scríbhinn go raibh an Comhlachas Tithíochta ar an 13ú Comhlachas Ceadaithe Tithíochta ar bhronn HFA an stádas orthu. Is forbairt shuntasach í don Chomhlachas Tithíochta seo an stádas a bhaint amach agus tá sé beartaithe aige cur leis an soláthar tithíochta do dhaoine a bhfuil riachtanais ar leith acu.
