North and East Housing Association

PREASEISIÚINT

“Tá gach duine i dteideal baile ardchaighdeáin sa Phobal”

Bunaíodh North and East Housing Association sa bhliain 1992 agus tá an cumann ag obair i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus le pobail le breis is 20 bliain anuas, ag forbairt agus ag bainistiú áitreabh tithíochta sóisialta in Oirthuaisceart na tire. Go dtí seo táimid tar éis stoc de de 373 áitreabh cónaithe a ghnóthú agus tá clár forbartha ar bun again mar a mbeimid in ann breis is 500 a bheith sa stoc faoi dheireadh 2017.

Iarratas ar an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta cpt chun an stádas Comhlacht Deimhnithe a fháil

Is cúis mhór áthais é do North & East Housing a fhógairt gur bhronn an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta an stádas ‘Comhlacht Deimhnithe’ ar North and East Housing Association. Bunaíodh HFA mar chuideachta faoi úinéireacht an stáit sa bhliain 1982 agus cuirean sé maoiniú i bhfoirm iasachtaí ar fáil d’údaráis áitiúla agus do Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (AHBanna) le haghaidh tithíochta agus chun críocha bainteacha. Nuair a bhronntar an stádas Comhlacht Deimhnithe ar Chumann Tithíochta bíonn sé ansin in ann rochtain a fháil ar raon leathan de tháirgí airgeadais ag rátaí iomaíocha.

Tá North & East anois ar an 14ú Comhlacht Ceadaithe Tithíochta ar bronnadh an stádas Comhlacht Deimhnithe air. Éilíonn HFA go mbeadh Rialachas Corparáideach stuama ag an gCumann Tithíochta agus go mbeadh pleananna forbartha aige atá sainmhínithe go soiléir. Mar gheall ar an mbronnadh stádais seo ó HFA beidh North & East in ann rochtain a fháil ar raon táirgí breise maoiniúcháin. Beidh an eagraíocht anois níos fearr in ann maoiniú a sholáthar d’fhorbairtí tithíochta ar fud réigiún an Oirthuaiscirt agus tá sé ina chéim thábhachtach i mbaint amach pleananna forbartha amach anseo mar atá sainithe inár bPlean Straitéiseach, 2016 – 2020, atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin ag www.northandeast.ie

log-in