Tacaíocht ón mBanc Eorpach Infheistíochta do chlár infheistíochta EUR 405 mhilliún le haghaidh tithíocht shóisialta
Dhearbhaigh an Banc Eorpach Infheistíochta inniu (an 2 Márta, 2017) tacaíocht EUR 405 mhilliún do thithíocht shóisialta chun áitribh a thógáil agus a fheabhsú ar fud na hÉireann. Meastar go dtógtar 1,400 áitreabh nua agus go ndéanfar uasghrádú ar 700 eile i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre faoin tionscnamh nua arna chómhaoiniú ag an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta.
Seo an tacaíocht is mó riamh a chuir an Banc Eorpach Infheistíochta ar fáil don tithíocht shóisialta in Éirinn agus d’fhógair Simon Coveney, T.D., an tAire tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Andrew McDowell, Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus Barry O’Leary, Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta an maoiniú go foirmiúil agus iad ar cuairt ar fhorbairt tithíochta de chuid Túath a críochnaíodh le déanaí ag Thornwood, Beaumont, Baile Átha Cliath.
Le leas á bhaint as maoiniú ó thionscnaimh tithíochta sóisialta a bhí ann roimhe seo ag GAT arna n-aontú dhá bhliain ó shin, thóg Túath 68 áitreabh atá tíosach ar fhuinneamh, idir árasáin is thithe, ar shuíomh Thornwood.
Ag trácht ar an bhforbairt ag an ócáid, dúirt an tAire Tithíochta, Pleanála, Pobail augs Rialtais Áitiúil, Simon Coveney T.D, “Fáiltím roimh an nuacht seo go bhfuiltear chun an pacáiste infheistíochta is mó riamh ón mBanc Eorpach Infheistíochta a chur ar fáil don tithíocht shóisialta in Éirinn - pacáiste a raibh mise, mar Aire, in ann é a éascú. Beidh baile nua ag breis is 1,400 teaghlach mar thoradh air. De bhreis air sin, déanfar uasghrádú ar áitribh le haghaidh 700 teaghlach eile. Faoin bpacáiste airgeadais cruthófar fostaíocht bhreise agus tacófar le soláthraithe foirgníochta áitiúla. Is infheistiú ríthábhachtach de €405 mhilliún é seo don gheilleagar sóisialta.
Is comh-iarracht shuntasach an tionscnamh idir roinnt páirtithe ríthábhachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán is mó ó thaobh an bheartais shóisialta de a bhfuil ar an tír aghaidh a thabhairt air. Tugann sé le chéile an Banc Eorpach Infheistíochta, údaráis áitiúla agus an earnáil foirgníochta. Sa lá atá inniu ann agus éileamh as cuimse ar thithíocht, is léiriú an sásra nua maoiniúcháin seo ar sholúbthacht agus ar shamhlaíocht i soláthar tithíochta sóisialta nua feabhsaithe.
Le blianta beaga anuas, bhí an claonadh ann sa dioscúrsa poiblí na hinstitiúidí Eorpacha a cheistiú. Baineann an Banc Eorpach Infheistíochta le Ballstáit an Aontais Eorpaigh, Éire san áireamh. Is léiriú follasach é an pacáiste infheistíochta ar ábharthacht agus ar inoiriúnaitheacht na n-institiúidí Eorpacha i bhfreastal ar dhúshláin ar leith a gcaithfidh Éire aghaidh a thabhairt orthu faoi láthair chun cur leis an soláthar tithíochta sóisialta”.
“Is cúis mhór áthais é don Bhanc Eorpach Infheistíochta a dhearbhú go bhfuilimid chun an infheistíocht is mó riamh a sholáthar don tithíocht shóisialta in Éirinn, a léiríonn ár dtiomantas tacú le hinfheistíocht chun cur leis an líon tithe inacmhainne agus billí teasa a laghdú in áitribh atá ann cheana féin ar fud na hEorpa. Tá leas bainte ag na mílte teaghlach, agus ag gnólachtaí agus soláthraithe foirgníochta freisin, in Éirinn cheana féin as an gcomhpháirtíocht leanúnach le GAT. Mar thoradh ar dhianobair chomhghleacaithe GAT, ranna rialtais agus na príomhchumainn tithíochta, dála Túath, tá Éire anois ar an gceathrú faighteoir is mó de mhaoiniú fadtéarmach ísealchostais ó BEI san Eoraip,” arsa Andrew McDowell, Leas-Uachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.
D’fháiltigh Barry O’Leary, Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta, roimh an dara Conradh Airgeadais, agus dar leis “tar éis an rath a bhí ar an gcomhaontú roimhe seo, atá curtha ar leataobh ina iomláine chun thionscadail nua tithíochta sóisialta a mhaoiniú, is cúis mhór áthais dom é leanúint lenár ndlúthchaidreamh oibre le BEI. Cuideoidh an maoiniú suntasach nua seo linn tacú leis an bhfuinneamh nua stuama sa ghníomhaíocht a chonaiceamar in 2016 agus cuideoidh sé linn leanúint ag soláthar maoiniú fadtéarmach ar luach sármhaith airgid chun maoiniú a sholáthar do chomhlachtaí ceadaithe tithíochta agus údaráis áitiúla.
Faoin tionscnamh nua déanfaidh an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta EUR 200 milliún de mhaoiniú nua ón mBanc Eorpach Infheistíochta a mheaitseáil chun EUR 405 mhilliún a sholáthar chun tacú le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta uasghrádú a dhéanamh ar thithíocht shóisialta agus feabhas a chur ar thíosacht fuinnimh.
Ach fáil a bheith aige ar mhaoiniú BEI beidh an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta in ann maoiniú fadtéarmach a thairiscint do Chomhlachtaí Ceadaithe ag rátaí iomaíocha. Tá an scéim nua infheistíochta i dtithíocht shóisialta ráthaithe ag an Aire Airgeadais.
Ag teacht leis an bpáirt níos mó atá á ghlacadh ag institiúid iasachtaithe na hEorpa in Éirinn, reáchtálfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta ceardlann níos déanaí an mhí seo le saineolaithe airgeadais tithíochta ar fud na tíre chun smaointe a mhalartú faoi conas an maoiniú lasmuigh den chlár comhardaithe a mhéadú le haghaidh tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne. Beidh sé seo ar an gcéad teacht le chéile spriocdhírithe faoin tionscnamh nua chun cur leis an teagmháil le ranna rialtais agus príomhpháirtithe leasmhara chun tacaíocht a dhaingniú don infheistíocht ríthábhachtach seo ar fud earnálacha lárnacha.
Dhearbhaigh an Banc Eorpach Infheistíochta freisin an maoiniú measta amach anseo le haghaidh tithíocht shóisialta faoin struchtúr tiomnaithe maoinithe PPP atá le fógairt sna míonna seo amach romhainn. Leis an maoiniú seo beidh infheisteoirí idirnáisiúnta in ann tacú le tógáil na tithíochta sóisialta sa tír den chéad uair.
Leanann an tionscnamh EUR 405 mhilliún a fógraíodh inniu clár iasachtaithe EUR 300 milliún tithíochta sóisialta arna aontú idir an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta i mí na Nollag 2014. Thacaigh sé seo le tógáil 1,302 áitreabh nua agus aisfheistiú ar 550 áitreabh ag ocht gcinn de Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta éagsúla. Na tionscadail ar cuireadh maoiniú ar fáil dóibh faoi chlár 2014 bhí siad lonnaithe i mBaile Átha Cliath, Loch Garman, an Mhí, Port Láirge, Corcaigh, Cill Dara agus Gaillimh.
Ó 1973 i leith chuir an Banc Eorpach Infheistíochta breis is EUR 15 bhilliún d’infheistíocht ar fáil chun feabhas a chur ar sheirbhísí poiblí, ar bhonneagar tábhachtach agus chun deiseanna nua a chruthú do chuideachtaí Éireannacha ar fud na tíre.
Eolas Cúlra:
Is institiúid é an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI)a chuireann iasachtaí fadtéarmacha ar fáil don Aontas Eorpach agus baineann an banc le Ballstáit an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé maoiniú fadtéarmach ar fáil le go ndéanfaí infheistiú stuama chun cuidiú le baint amach spriocanna beartais AE.
Teagmhálaithe Preasa:
Preasoifig na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil: Tel (01) 888 2638, press@housing.gov.ie
BEI: Richard Willis, r.willis@eib.org, Tel.: +352 4379 82155, +352 621 555 758
Suíomh Gréasáin:www.eib.org/press Press Office: +352 4379 21000 press@eib.org
An Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta: : Sean Cremen, scremen@hfa.ie Tel: 01 8725722
Suíomh Gréasáin:www.hfa.ie
