Stádas mar Chomhlacht Deimhnithe bronnta ar Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath ag an nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta

Baile a Chur ar Fáil

Oibríonn Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath chun cosc a chur ar easpa dídine i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Mhantáin agus sa Mhí. Cuirimid seirbhísí tithíochta agus tacaíocht ar fáil ag gach céim den easpa dídine agus cuidímid le daoine áit a fháil ar féidir leo baile a thabhairt uirthi. Déanaimid ár ndícheall cuidiú le daoine rochtain a fháil ar áit chónaithe agus é a dhaingniú agus a choinneáil agus ar an gcaoi sin ní bheidh siad ag brath ar chóiríocht éigeandála. Chomh maith leis sin cuirimid tithíocht bhuan thacaithe ar fáil do dhaoine ionas gur féidir leo maireachtáil ina bpobal áitiúil féin.

Iarratas a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta chun Stádas mar Chomhlacht Deimhnithe a fháíl

Is cúis mhór áthais é do Chlann Shíomóin Bhaile Átha Cliath a fhógairt gur bhronn an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta (HFA) an stádas mar chomhlacht deimhnithe ar an eagraíocht. Bunaíodh HFA mar chuideachta faoi úinéireacht an stáit sa bhliain 1982 agus cuireann sé iasachtáí ar fáil d’údaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta. Éilíonn HFA ar Chumainn Tithíochta go mbeadh Rialachas Corparáideach stuama i bhfeidhm acu chomh maith le pleananna forbartha dea-shainithe don todhchaí.

Leis an stádas mar chomhlacht deimhnithe beidh Clann Shíomóin Bhaile Átha Cliath in ann rochtain a fháil ar iasachtaí fadtéarmacha ar chostas íseal agus ar an gcaoi sin beidh an eagraíocht níos fearr in ann tabhairt faoi fhorbairtí tithíochta ar fud Bhaile Átha Cliath, Chill Mhantáin, Chill Dara agus na Mí. Is céim thábhachtach í ó thaobh cuidiú le daoine atá gan dídean, agus tá sé ag teacht leis na haidhmeanna atá sonraithe i bPlean Straitéiseach, 2016 – 2020.

Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.dubsimon.ie

log-in