Píblíne láidir de thithe sóisialta agus inacmhainne nua agus ceaduithe na Gníomhaireachta Airgeadais Tithíochta méadaithe 200% in 2024
Thuairiscigh an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithochta (GAT) méadú de níos mó ná 200% ar cheaduithe maoinithe sa chéad leath de 2024, le €861.5 milliún ceadaithe do chomhlachtaí tithíochta chun seachadadh 3,194 teach nua a éascú.
Cuimsíonn na figiúirí leathbhliana €132.5 milliún i gceaduithe iasachta chun tacú le 653 teach ar cíos ar chostas a sheachadadh.
Tá méadú beagnach 50% ar airleacain iasachta GAT go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2024 ar an tréimhse chéanna in 2023 freisin, le €455 milliún tarraingthe anuas ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) chun tacú le 1,328 teach nua a sheachadadh.
D'fhógair an GAT na figiúirí agus í ag foilsiú a Tuarascáil Bhliantúil 2023, a léiríonn iasachtú de €1.2 billiún in 2023.
I measc na mbuaicphointí ó Thuarascáil Bhliantúil 2023 tá:
- 3,796 teach nua a sheachadadh le maoiniú GAT;
- Tarraingtí iasachtaí CCT arbh fhiú €987 milliún san iomlán iad in 2023, suas ó €853 milliún in 2022;
- €1.6 billiún i gceaduithe nua iasachta CCT chun tacú le 6,193 teach a sheachadadh (méadú 127% ar 2022);
- €74 milliún i maoiniú curtha ar aghaidh chuig Údaráis Áitiúla chun tacú le soláthar Iasachtaí Tí Údaráis Áitiúil;
- Méadú ar luach leabhar iasachta GAT go €7.4 billiún.
Ag fáiltiú dó roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil an GAT, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien:
''Is príomh-chomhpháirtí í an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta chun tógáil tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhaoiniú - bhí scála an mhaoinithe ón nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta le linn 2023 agus 2024 ina phríomhchumasóir agus ina phríomhthacaíocht chun píblíne láidir soláthair tithíochta a dhaingniú agus ar deireadh thiar córas tithíochta níos inbhuanaithe a dhaingniú."
''Molaim an Ghníomhaireacht Airgeadais Tithíochta as a gcuid oibre agus comhpháirtíochta tiomnaithe le mo Roinn, le hÚdaráis Áitiúla agus le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun uaillmhian Tithíocht do Chách a bhaint amach – tithe a sheachadadh agus saol daoine a fheabhsú .’’
Ag seoladh Thuarascáil Bhliantúil an GAT do 2023, dúirt an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin, Fergal O'Riagáin:
“Tá ríméad ar an GAT bliain shuntasach iasachtaithe eile a thuairisciú in 2023, le réamhíocaíochtaí €1.2 billiún dár gcustaiméirí chun seachadadh 3,796 teach nua a éascú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh lenár gcustaiméirí as an dul chun cinn a rinne siad in 2023 agus as an móiminteam atá tógtha acu sa chéad leath den bhliain seo. "
“Tá diongbháilteacht shoiléir ar fud na hearnála soláthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne a mhéadú agus táimid bródúil as tacú leis an obair sin. Anuraidh cheadaigh an GAT maoiniú chun tacú le níos mó ná 6,000 teach nua a sheachadadh agus sa chéad leath den bhliain seo cheadaíomar iasachtú chun seachadadh 3,194 teach nua eile a éascú. Léiríonn an ghníomhaíocht mhéadaithe seo píblíne láidir de thithíocht nua a bheidh ag teacht ar an bhfód sna 12 mhí amach romhainn”
Dúirt Cathaoirleach GAT Frank Allen go bhfuil an ghníomhaireacht feasach ar an ngá atá le soláthar tithíochta speisialtóireachta a mhéadú i gcomhar le forbairt scéimeanna tithíochta riachtanas ginearálta:
“Is colún tábhachtach den bheartas tithíochta é soláthar tithe a mhéadú dóibh siúd a bhfuil riachtanais shonracha acu lena n-áirítear daoine breacaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine eile a dteastaíonn meascán de thacaíochtaí tithíochta, sláinte agus pobail uathu. Leagtar béim i dTuarascáil Bhliantúil GAT do 2023 ar fhorbairt Focus Ireland i gCathair Chorcaí atá ag cur tithíocht ar fáil do dhaoine óga atá ag fágáil cúraim, do dhaoine breacaosta agus do Thionóntaí Tithíocht ar dTús a raibh easpa dídine orthu. "
“Tá éagsúlacht riachtanas tithíochta ag Éirinn agus leanfaidh an GAT ag dul i dteagmháil le comhlachtaí tithíochta a sholáthraíonn sainthithíocht agus ag tacú leo chun freastal ar na riachtanais sin, i gceantair uirbeacha agus tuaithe”
