251 Theach Nua Maoinithe

Is cúis mhór áthais é do HFA a fhógairt gur fhaomh Coistí Creidmheasa na seachtaine seo 8 gcinn d’iarratais nua ar iasachtaí, arb ionann iad agus €40.7 milliún, chun maoiniú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fháil 251 theach nua.

Tugann sé seo iomlán an mhéid a faomhadh le haghaidh iasachtaí don bhliain go dtí €232 milliún, ag maoiniú breis is 1,560 teach nua, agus sin méadú de bhreis is 80% ar an mbliain iomlán 2015.

D’fhaomh HFA a chéad iarratas ar iasachtaí do dhaoine faoi mhíchumas atá ag aistriú ó shuíomhanna tionólaithe chuig HAIL (Housing Association for Integrated Living). Tá sé beartaithe againn maoiniú a dhéanamh ar a lán tionscadal eile sa réimse gátair seo sa todhchaí.

Is mian le HFA tréaslú freisin le Cumann Tithíochta Foscadh mar gurb iadsan an cúigiú Comhlacht Ceadaithe Tithíochta a fuair an stádas mar Chomhlacht Deimhnithe. Táimid ag súil le bheith ag obair leo agus ag maoiniú tionscadal nua tithíochta chun tacú lena gcuid oibre i réimse na tithíochta sóisialta.

An Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe cpt

An 21 Samhain 2016

log-in